Is minic a fheictear téacs scríofa sa Ghaeilge agus rudaí ar nós I gcás, nó I rith, nó I ndiaidh i lár abairte (nó “I lár abairte” a d’fhéadfaí a rá sa chás seo), nuair ba cheart i beag a bheith ann i ngach cás. Cad is cúis leis seo? Ríomhaire atá róghlic?
Is í an chúis atá leis seo ná an t-uathcheartú, nó an féincheartú, a dhéanann feidhmchláir ar nós Word nuair is é an tSacsbhéarla an teanga oibre. Ar ndóigh I, agus ní i, a úsáidtear sa chéad phearsa sa Bhéarla, agus de ghnáth “ceartaíonn” an feidhmchlár mí-úsáid i trí I a dhéanamh as. Ar ndóigh ní oireann sé seo do theangacha eile ina bhfuil focal a litrítear mar i, an Ghaeilge san áireamh. (Níl an Ghaeilge ina haonar anseo.)
Tá roinnt bealaí ann len é seo a stopadh:
Tá na treoracha chuige seo luaite ar an leathanach a phléann cúrsaí Word. Bealach amháin len é a dhéanamh freisin ná teanga an chomhéadain a athrú go Gaeilge, rud eile a phléitear ar an leathanach céanna.
Is athrú tapa é seo ar féidir a chur ar ceal go héasca, más mian.
Glactar leis go bhfuil an leagan Béarla de Word nó Writer á úsáid anseo.
Is cuid de liosta na n-uathcheartuithe sa Bhéarla é an ceartú áirithe seo. Mar sin, má bhaintear den liosta é, ní tharlóidh an ceartú seo i nGaeilge (ná in aon teanga eile ach oiread).
Chun é a bhaint, leantar na treoracha atá ann don Uathcheartú (féach an leathanach thuas) agus baintear an litir i den liosta.
Is athrú an-shimplí é seo nach dtógann ach nóiméad le cur i gcrích.