tabhair freagratabhair freagra #1 nascanna ponc com 3 Meán Fómhair 2014, 16:30 GMT
Is maith liomsa Méarchlár 1, ach deir cara liom gur fearr leis Méarchlár 2. Cé acu is fearr leatsa?
tabhair freagratabhair freagra #2 Seanán Ó Coistín 5 Meán Fómhair 2014, 15:43 GMT
Tá sé i bhfad Éireann níos fearr leis na gutaí ar an méarchlár (an chéad rogha). Tá an dara rogha ciotach agus mall.
tabhair freagratabhair freagra #3 Diarmaid 29 Meán Fómhair 2014, 15:35 GMT
Measaimse gur bhfearr [alt-gr] a bhuaileadh le fada a fháil, agus mar an gcéanna le séimhiú a aimsiú, [alt-gr] a bhuaileadh ag an am chéanna leis an bun-litir. Tá lód chognaíoch níos mó ar an intinn má bhíonn dhá áit éagsúil ar fad leagtha amach do 'a' agus 'á'. Is fearr an líon cnaipí a choinneáil íseal agus is minic a mbíonn na litreacha KJVWQZX a n-úsáid in ainmneacha nó i bhfocail as teangacha eile a chaitear isteach mar sin tá gá leo ar an mhéarchlár sílim.
tabhair freagratabhair freagra #4 nascanna ponc com 10 Deireadh Fómhair 2014, 00:08 GMT
An rud atá i gceist anseo ná méarchlár 100% fíorúil, sé sin gan aon leas á bhaint as aon chnaipe ar an méarchlár crua. Ní féidir dhá chnaipe a bhrú le chéile.
Abair leat, más mian leat!
CEIST SHLÁNDÁLA: náid + sé =
Tabhair freagra na ceiste ina fhocal (mar shampla "seacht"). Iarrtar ort é seo a dhéanamh chun bac a chur ar sheoltóirí uathoibríocha turscair. Má dhéanann tú botún, gheobhaidh tú seans eile.
D'ainm Suíomh idirlín nó ríomhphost (roghnach)