Spás Crua

Is minic a bhíonn nath nó sraith focal ann sa Ghaeilge nach dteastaíonn uainn a bhriseadh nuair a thagann líne chun deiridh, i sloinne mar shampla (“Ó Murchú”, “Mac Pháidín”). Is féidir iallach a chur ar an ríomhaire é seo a dhéanamh, áfach, agus tá sé éasca go leor. Glaoitear Spás “Crua” air.

Is mar seo a dhéantar spás crua a chruthú:

I Microsoft Word agus in LibreOffice/OpenOffice.org Writer:

Brúigh CNTL agus IOMLAOID (.i. SHIFT) le chéile, agus ansin brúigh an barra SPÁS.

Ná déantar dearmad an cnaipe IOMLAOID a bhrú! Tá sé furasta dearmad a dhéanamh air.

Tabhair faoi deara go dtaispeánann OpenOffice.org Writer an Spás Crua mar spás le cúlra liath, rud a thugann le fios nach gnáthspás atá i gceist. Le Word, ní shonraítear é seo go soiléir.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal