Is minic a bhíonn nath nó sraith focal ann sa Ghaeilge nach dteastaíonn uainn a bhriseadh nuair a thagann líne chun deiridh, i sloinne mar shampla (“Ó Murchú”, “Mac Pháidín”). Is féidir iallach a chur ar an ríomhaire é seo a dhéanamh, áfach, agus tá sé éasca go leor. Glaoitear Spás “Crua” air.
Is mar seo a dhéantar spás crua a chruthú:
Brúigh CNTL agus IOMLAOID (SHIFT) le chéile, agus ansin brúigh an barra SPÁS.
Ná déantar dearmad an cnaipe IOMLAOID a bhrú! Tá sé furasta dearmad a dhéanamh air.
Tabhair faoi deara go dtaispeánann OpenOffice Writer an Spás Crua mar spás le cúlra liath (ar an scáileán), rud a thugann le fios nach gnáthspás atá i gceist. Le Word, ní shonraítear é seo go soiléir.