abair.ie - Caint Shintéiseach

Ní bhaineann abair.ie go díreach le scríobh na Gaeilge, ach is togra ríomhaireachta é, mar sin is fiú go mór é a lua.

Is é is brí le caint shintéiseach go bunúsach ná an rud a chloistear nuair a léann ríomhaire téacs scríofa. Ní taifead atá i gceist, ach próiseáil ar na litreacha. Má tá ríomhaire chun abairt ar nós “Tá an aimsir go breá inniu” a léamh amach os ard, ní mór dó rialacha foghraíochta na Gaeilge a thuiscint; agus chun go dtuigfeadh sé na rialacha seo, caithfidh duine éigin tabhairt faoi na rialacha sin a chur in oiriúint dó. Ní beag an tasc é seo, ach is rud é atá déanta, agus á dhéanamh fós, ag taighdeoirí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ceann de na leasanna a d’fhéadfaí a bhaint as áis mar seo ná, mar shampla, an t-ábhar atá ar shuíomh idirlín (an nuacht, mar shampla) a léamh amach do dhuine atá dall, rud atá indéanta fiú anois (Féach thíos, le Firefox).

Má thugann tú cuairt ar an suíomh abair.ie, agus téacs a chur isteach sa bhosca cuí, agus ansin sintéis a dhéanamh air, beidh mar thoradh air sin comhad WAVMP3 ar féidir leat a íosluchtú agus a úsáid ar do ríomhaire, nó ar aon ghléas eile a thuigeann comhaid dá leithéid, mar shampla do ghuthán (Déan deaschliceáil chun íosluchtú a dhéanamh).

Is féidir teacht ar an suíomh ag an nasc seo a leanas:

www.abair.ie

Chun triail a bhaint as, cuir an abairt seo isteach sa bhosca agus déan sintéis: Seo sampla den sintéis a dhéantar ar an abairt seo.

Sampla den leathanach fáiltithe

Firefox

Dar leis an suíomh abair.ie tá breiseán ar fáil anois a “cheadaíonn duit sintéis a dhéanamh ar fhocal nó abairtín agus tú ag léamh suíomh gréasáin Gaeilge ar bith ... Tá sé iontach furasta le suiteáil agus le húsáid. Tá treoracha céim-ar-chéim ar fáil sna ceisteanna coitianta” ar abair.ie.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal