Suiteáil na gClófhoirne

De ghnáth soláthraítear ríomhairí nua agus iad feistithe le clófhoirne mór le rá, ar nós Times Roman, Arial, agus mar sin de. Is é is brí leis seo ná go bhfuil an comhlacht a chuireann an ríomhaire ar fáil tar éis ceadúnas a fháil leis na clófhoirne seo a dháileadh leis na ríomhairí, agus go bhfuil siad tar éis na comhaid áirithe (na “fontanna“) a ghabhann leo a chur ar an ríomhaire.

Ní sholáthraítear clófhoirne Gaelacha ar na ríomhairí a cheannaítear in Éirinn, faraor, mar sin is gá don duine ar leis/léi an ríomhaire iad a chur air é/í féin. Is rud measartha simplí é seo, áfach.

Bíonn cruth xxx.ttf ar na comhaid seo. An rud atá tábhachtach ná go gcuirtear iad i bhfillteán speisialta ar an ríomhaire, fillteán na gclófhoirne.

Treoracha

Tá suiteáil na gclófhoirne mínithe anseo go han-soiléir ag an Dr. Vincent Morley ar a shuíomh Gaelchló. Seo an nasc:

Windows

Tugtar faoi deara go bhfuil sé níos éasca é a dhéanamh le Windows 7 agus le Vista ná mar atá sé le Windows XP.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal