1. Get the Focal

Tá foclóir leictreonach ar fáil anois don bhfón póca, curtha ar fáil ag an gcuideachta Maithú. Tá sé bunaithe ar fhoclóir Uí Dhónaill, agus tá breis agus 13,000 tagairt ann faoi láthair.

Is “app” atá i gceist anseo, agus oibríonn sé le gutháin den ghlúin is deireanaí. Ní gá leas a bhaint as an snaidhm chumarsáide ach oiread (ní gá a bheith ar-líne), os rud é go bhfuil an bunachar sonraí ar fad ar an nguthán féin. An t-aon chostas atá ann mar sin ná costas an app féin, sé sin agus tú á cheannach sa chéad áit. Agus tá an praghas an-réasúnta.

Tá leagan nua ag teacht amach go luath, agus fuaimniú na bhfocal san áireamh, a bhuíochas le abair.ie. Freisin, táthar ag caint ar an gcumas aistriú a dhéanamh ar abairtí iomlána.

I láthair na huaire is féidir leagan saor ó chostas a íosluchtú don iPhone agus don Android.

Tá a thuilleadh eolais ar shuíomh Maithú:

www.maithu.com

2. Foclóir Collins ar an iPhone agus an iPad

Tá foclóir póca Collins (Béarla-Gaeilge-Béarla) ar fáil anois don iPhone agus don iPad ón gcuideachta Mobile Systems. Féach an nasc seo a leanas:

Tá costas beag ag baint leis an bhfeidhmchlár seo.

Is féidir é a aimsiú don chóras Android freisin ar Google Play.

Tá breis agus 47,000 tagairt agus 69,000 aistriúchán sa bhfeidhmchlár seo, mar sin tá neart ann.

3. An Foclóir Póca (DioDict ar Samsung)

Tá an foclóir póca a chuir An Gúm amach na blianta ó shin ar fáil saor in aisce ar an gcóras Samsung.

Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal