Tá neart áiseanna ann anois, ar-líne, chun Gaeilge a fhoghlaim. Má iarrtar ort ceann a mholadh, d’fhéadfá ceann de na cinn seo a leanas a roghnú.
Seo suíomh, atá bunaithe in Éirinn (eTeanga, Luimneach) ach dírithe orthu siúd go háirithe sna Stáit Aontaithe, sé sin daoine gan focal Gaeilge acu nuair a thosaíonn siad á foghlaim. Ar ndóigh, d’fhéadfadh eachtrannaigh in Éirinn a bheith i gceist anseo freisin, nó daoine eile ar an Mór-Roinn.
Tá sraith ceachtanna ar-líne ann don bhfoghlaimeoir, iad ar fad eagraithe ar bhealadh loighciúil. Tá an chéad cheacht saor ó chostas.
Tabhairt cuairt ar an suíomh seo, chun a thuilleadh eolais a fháil faoin togra breá seo.
Tá suíomh eile ann, bunaithe i mBaile Átha Cliath, á reáchtáil ag an eagraíocht Gaelchultúr. Tá na ceachtanna ar fáil ar-líne freisin, agus iad dírithe ach go háirithe ar dhaoine in Éirinn.
Tá cúrsa nua ann, Gaeilge gan Stró! – Beginners Level, atá oiriúnach do ghlantosaitheoirí agus tá cúrsa eile, Gramadach gan Stró!, dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu, ach atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna gramadaí. Tá an leabhar ar an tríú heagrán anois!
Is féidir a thuilleadh eolais a fháil anseo.
Is féidir triail a bhaint as saor in aisce anseo
Is féidir clárú don chúrsa anseo
Agus is féidir an leabhar a cheannach anseo
Chualamar le déanaí go mbeidh Duolingo ar fáil as Gaeilge. Níl go fóill, ach beidh.
Is ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota í Nancy Stenson.
Tá leabhar gramadaí agus oibre Gaeilge scríofa aici, agus tá sé ar fáil ar-líne: Basic Irish: A Grammar