Foclóir Uí Dhónaill

Faoi dheireadh, agus is cúis an-mhór ceiliúrtha é seo dúinn, tá foclóir Uí Dhónaill againn anois, ar an idirlín, agus é ar fáil saor in aisce.

Is leagan leictreonach inchuardaithe é seo d’fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill a foilsíodh in 1977. Cloítear go dílis le téacs an bhunfhoclóra. Is é an Foclóir Gaeilge-Béarla (seo) príomhfhoinse ortagrafaíochta na teanga ó thaobh litriú na teanga ó foilsíodh é agus is ann a fhaightear an cumhdach is cuimsithí ar an eolas gramadaí srl a bhaineann le focail Ghaeilge. Is seod náisiúnta atá sa bhfoclóir seo, mar sin tá sé go hiontach ar fad go bhfuil sé ar fáil.

Tá sé ar fail anseo.

Is cuid den togra “focloir.ie” atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge é seo.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal