Foclóir de Bhaldraithe

Faoi dheireadh, agus cuirimid an-fháilte roimhe, tá foclóir de Bhaldraithe againn anois, ar an idirlín, agus é ar fáil saor in aisce.

Is leagan leictreonach inchuardaithe é seo d’fhoclóir Béarla-Gaeilge de Bhaldraithe. Foilsíodh an English-Irish Dictionary féin in 1959 agus foilsíodh Aguisín leis, Terminological Additions and Corrections, in 1978. Sa leagan ar líne seo tá breiseanna agus leasuithe an Aguisín curtha i bhfeidhm síos tríd an mbunfhoclóir. Seachas sin cloítear go dílis le téacs an bhunfhoclóra seachas corrbhotún cló a chur ina cheart.

Tá sé ar fail anseo.

Is cuid den togra “focloir.ie” atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilge é seo.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal