Is smaoineamh agus togra de chuid Dúrud Teoranta, cuideachta lonnaithe i mBaile Átha Cliath (www.durud.ie), an suíomh seo. Mheas an chuideachta go raibh gá le heagar a chur ar na háiseanna iontacha atá ann i dtaca le scríobh na Gaeilge, agus le poiblíocht a dhéanamh orthu. Ná bídís ina rúnta!
Gabhaimid buíochas leis an gcomhlacht teicneolaíochta mSemicon Teoranta a chuireann áiseanna agus pearsanra ar fáil chun an togra seo a chur chun cinn.
Ní mór dúinn a lua freisin gur chuir Foras na Gaeilge cúnamh ar fáil i dtús aimsire leis an togra a chur sa tsiúil agus go fánach ó shin go dtí 2014. Ár mbuíochas leis an bhForas chomh maith.
Thar éinne eile, tréaslaímid freisin leis na comhlachtaí, na hinstitiúid, agus go háirithe leis na daoine aonaracha ar fad a chuir na háiseanna ar fad a luaitear ar an suíomh seo ar fáil. Táimid ar fad faoina gcomaoin.