Suiteáil ar Chóras Oibriúcháin Linux

Seo a leanas mar a dhéanann tú an eisínteacht Gramadóir a shuiteáil ar do ríomhaire.

Nóta: Ní mór duit a thuiscint sula dtosaíonn tú cén saghas ríomhaire atá agat: ríomhaire 32 giotán (bit), nó ríomhaire 64 giotán (bit).

Nóta: Cé go bhfeidhmíonn an Gramadóir ar Linux 32, is féidir leis a bheith iontach mall.

Chun an eisínteacht a shuiteáil ar Linux 32/64 giotán (bit):

Céim 1

  • Déan cinnte go bhfuil leagan de LibreOffice suiteáilte cheana féin.

Nóta: Is é atá á phlé anseo ná an Gramadóir, ní an clár LibreOffice. Tá treoracha anseo maidir le suiteáil LibreOffice. Déan cinnte go dtuigeann tú an chéim sa bhreis atá i gceist má tá an córas oibriúcháin agat as Béarla.

Céim 2

Íoslódáil an comhad UirlisiOifigLin32.oxtUirlisiOifigLin64.oxt mar is cuí.

Céim 3

Cliceáil ar an gcomhad. Osclóidh an clár LibreOffice. Glac leis na roghanna go léir.

Céim 4

Athraigh teanga an téacs go Gaeilge. Tá 3 dhóigh lena dhéanamh:

(i) Déan deas-chliceáil ar an mbarra uirlisí bun agus roghnaigh Gaeilge mura bhfuil sí roghnaithe cheana.

(ii) Nó roghnaigh téacs leis an luchóg agus déan mar atá scríofa thuas i (i)

(iii) Le Gaeilge a dhéanamh mar theanga réamhshocraithe, téigh go:

  • Uirlisí > Roghanna > Socruithe Teanga > Teangacha, agus roghnaigh Gaeilge.

Céim 5

Bain triail as téacs simplí le cúpla botún (mílitriú agus botún gramadaí), m.sh. ‘Sin e mo cara’. Ba cheart go mbeadh línte faoi na botúin mar atá le feiceáil sa phictiúr thíos:

Fadhbanna

  1. Mura bhfuil línte ar bith faoi na botúin (gorm nó dearg) déan cinnte go bhfuil Gaeilge roghnaithe mar theanga an téacs.
  2. Mura bhfuil sé ag taispeáint na mbotún gramadaí (línte gorma) is cosúil nach bhfuil an leagan ceart (32-bit) de Java suiteáilte. Chun é seo a dhéanamh cliceáil anseo. Is é an leagan 32-bit de Java atá uait.
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal