Suiteáil ar Chóras Oibriúcháin Windows XP, 7 agus 8.X

Seo a leanas mar a dhéanann tú an eisínteacht Gramadóir a shuiteáil ar do ríomhaire.

Ba cheart LibreOffice a bheith suiteáilte agat ar do ríomhaire sula dtosaíonn tú air seo. Is é a dhéanann an áis seo ná an Litreoir (Gaelspell) agus an Gramadóir a shuiteáil ar do ríomhaire, ní LibreOffice féin.

Nóta: Má tá aon leagan den Ghramadóir agat ar do ríomhaire cheana féin, ba cheart duit é sin a bhaint ar dtús (trí dul go Uirlisí, Bainisteoir na nEisínteachtaí, agus ansin Bain a roghnú).

Is fearr LibreOffice a dhúnadh sula dtosaíonn tú.

Déan an clár seo a íosluchtú agus a chur i dtaisce áit éigin slán ar do ríomhaire:

Seo a leanas a dhéanann an clár seo:

  • a) déanann sé scrúdú ar do ríomhaire chun go dtuige sé cén saghas Windows atá air: 32 giotán nó 64 giotán.
  • b) seiceálann sé go bhfuil Java suiteáilte
  • c) mura bhfuil, suiteálann sé Java 32 giotán (an leagan gur gá do LibreOffice)
  • d) íosluchtaíonn sé an leagan cuí den Ghramadóir ón suíomh seo

Uaireanta iarrtar ort freagraí a thabhairt. Glac le Tá / OK nuair a iarrtar ort.

Oscail LibreOffice, agus cuir an eisínteacht ag obair, faoi mar a iarrtar de ghnáth.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal