LibreOffice Writer - Próiseálaí Focal i nGaeilge

“suite”, nó sraith feidhmchláracha, ar fáil, atá cosúil le Microsoft Office ar an-chuid bealaí, saor in aisce agus ar fáil i nGaeilge. An t-ainm air ná LibreOffice agus in ainneoin é a bheith ina chlár den scoth, is beag an aithne atá air in Éirinn. Ach, ó thaobh na Gaeilge de, is fearr é mar áis ná rud ar bith eile atá amuigh ansin. Sin í an chúis go bhfuil colún ar leith leagtha amach againn dó!

Writer an t-ainm atá ar an gcuid den “svít” (suite an Bhéarla) seo ar próiseálaí focal é. Tá sé cosúil le MS Word, agus is féidir cáipéisí Word a léamh leis chomh maith, ach ní hé an rud céanna é. Tá neart eile gur féidir a dhéanamh leis freisin, mar shampla an cumas an cháipéis a stóráil mar PDF gan feidhmchlár eile a íosluchtú chuige sin. Ní hamháin gur féidir cáipéis MS Word a oscailt leis, ach is féidir obair air agus é a chur i dtaisce arís mar cháipéis MS Word arís.

Is féidir teanga an chomhéadain a roghnú idir neart teangacha, an Ghaeilge ina measc. Féach na treoracha maidir le suiteáil an chláir seo, ar chlé.

Tá “eisíneachtaí” (extensions) ann do LibreOffice d’an-chuid rudaí. Ina measc sin, tá uirlisí a bhaineann le teangacha, dála foclóirí, litreoirí agus mar sin de. I gcás na Gaeilge, tá roinnt eisíneachtaí an-luachmhara ann:

  • Teasáras
  • Litreoir leictreonach
  • Gramadóir
  • Fleiscíneoir

Tá a thuilleadh eolais maidir leis na heisíneachtaí seo ar fáil sna nascanna ar chlé.

... agus dála an scéil

Tá i bhfad níos mó ar fáil sa phacáiste seo, seachas próiseálaí focal: tá clár scarbhileoige, clár cur i láthair, clár líníochta agus neart eile freisin.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal