Suiteáil LibreOffice

Seo a leanas iad na céimeanna ar gá a leanúint chun LibreOffice a shuiteáil ar do ríomhaire.

Céim 1: Cuairt ar shuíomh LibreOffice

Téigh go dtí an suíomh seo a leanas: LibreOffice.

Céim 2: Íosluchtú

Roghnaigh an cnaipe Download Now. Tosóidh an comhad, atá mór (~200Meg), ag íosluchtú go dtí an gnátháit atá roghnaithe ar do ríomhaire.

Céim 3: An tSuiteáil

Má tá an córas oibriúcháin ar do ríomhaire agat i nGaeilge, beidh an tsuiteáil an-éasca. Má leanann tú na treoracha don tsuiteáil chaighdeánach, suiteálfar an clár ar an ngnáthshlí agus beidh an comhéadan i nGaeilge.

Mura bhfuil an córas oibriúcháin ar do ríomhaire agat i nGaeilge, is gá duit “custom installation” a roghnú, atá ruidín beag níos casta, ionas go mbeidh an comhéadan i nGaeilge.

  • Is í an fhealsúnacht ag lucht LibreOffice ná go mba cheart go mbeadh an córas oibriúcháin i nGaeilge cheana féin ag éinne a theastódh uaidh LibreOffice a úsáid i nGaeilge. Tá a fhios againn, áfach, nach gá gur mar sin atá; cé go bhfuil an córas oibriúcháin ar fáil i nGaeilge do Windows le fada an lá, agus Linux chomh maith, is iomaí Gael a bhaineann leas as an ríomhaire trí Bhéarla. Is trua sin. B’fhéidir gur ócáid í seo le triail a bhaint as an leagan Gaeilge! Rachfar i dtaithí ar na téarmaí go tapa.
  • Tá sé tábhachtach go mbeadh teanga an chomhéadain i nGaeilge má tá sé i gceist agat an clár a úsáid le Gaeilge a scríobh. Mura bhfuil, tá céimeanna eile le tógáil chun “teanga réamhshocraithe i gcáipéisí” a shocrú go Gaeilge.
  • Tabhair faoi deara freisin nach féidir an Ghaeilge a roghnú mar “theanga réamhshocruithe i gcáipéisí” go dtí go bhfuil na huirlisí Gaeilge curtha i bhfeidhm.

Mar sin:

> Suiteáil nuair atá an Córas Oibriúcháin i nGaeilge

Roghnaigh an comhad íosluchtaithe agus brú an cnaipe don ghnáthshuiteáil. Lig dó é féin a shuiteáil agus beidh an clár i nGaeilge.

> Suiteáil nuair nach bhfuil an Córas Oibriúcháin i nGaeilge

Glacaimid leis gur Béarla atá i réim ar do ríomhaire, mar sin seo a leanas na treoracha maidir le suiteáil ar ríomhaire ina bhfuil an córas oibriúcháin i mBéarla.

Céim 1: Déan an comhad a íosluchtú ón suíomh ag LibreOffice faoi mar a luaitear thuas, agus arís anseo.

Céim 2: Téigh go dtí an áit ar do ríomhaire ina gcuirtear na comhaid íosluchtaithe.

Céim 3: Déan cliceáil ar an gcomhad a íosluchtaíodh.

Céim 4: Is anseo a chaithfidh tú a bheith cúramach - Déan CUSTOM INSTALLATION a roghnú, ní TYPICAL !!!

Céim 5: Tar éis tamaill feicfidh tú fuinneog ina luaitear roinnt comhad, mar a léirítear sna pictiúir thíos.

Roghnaigh Additional User Interface Languages.

Céim 6: Roghnaigh “Irish” mar cheann de na teangacha sin. Molaimid an dara rogha ("This feature, and all subfeatures, will be installed on local hard drive.")

Céim 7: Ansin iarrtar ort an mian leat go socrófaí LibreOffice mar an clár a osclaíonn cáipéisí MS Office. Má tá MS Office agat cheana féin ar do ríomhaire ní ceart duit na socruithe seo a athrú.

Céim 8: Mura bhfuil MS Office agat, níor mhiste gach bosca a roghnú. Ciallaíonn sé seo go mbainfear leas as LibreOffice le cáipéisí MS Office a oscailt ar do ríomhaire.

Céim 9: Ar aghaidh leat...

Céim 10: ... go deireadh. Ansin feicfidh tú go mbeidh an clár suiteáilte.

Céim 11: Faraor, tá céimeanna eile le cur i gcrích. Cé gur roghnaigh tú Gaeilge mar theanga an chomhéadain, ní raibh i gceist ansin ach teanga breise. Tá an Béarla mar rogha réamhshocraithe go fóill, ach “is féidir” Gaeilge a roghnú anois...

Téigh go “Tools”, “Options”...

Céim 12: Téigh síos go dtí Language Settings > Languages... agus roghnaigh “Irish” sna boscaí cuí, faoi mar a léirítear sna pictiúir thíos.

Céim 13: Nuair a bhíonn sé sin déanta, téigh amach as an gclár agus isteach ann arís. Beidh an comhéadan i nGaeilge, faoi mar a fheictear ag barr an phictiúir anseo. Ar chúis éigin tá na cinnteidil ar na cláracha éagsúla i mBéarla, ach is anseo amháin a tharlaíonn sé seo - is meancóg é seo a cheartófar amach anseo. Ach, laistigh den chlár féin, tá gach rud i nGaeilge.

Má theastaíonn uait, ar chúis éigin, teanga an chomhéadain a athrú go Béarla, ní gá ach na céimeanna thuas a ghlacadh, sa treo eile. Is féidir tiontú ar ais freisin, ach na céimeanna thuas a bheith tógtha cheana féin ag pointe éigin.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal