An Teasáras i LibreOffice Writer

Tá teasáras ar fáil laistigh de LibreOffice Writer, bunaithe ar an mbunachar a d’fhorbair an tOllamh Kevin Scannell in Ollscoil St Louis, Missouri. Tá sé iontach éasca teacht air.

Laistigh de Writer: Chun focal sa téacs scríofa a scrúdú sa teasáras, ní mór ar dtús an focal a roghnú sa téacs (leis an luchóg), agus ansin:

  • Uirlisí a roghnú ón Roghchlár ag barr an leathanaigh
  • Teanga a roghnú
  • Teasáras a roghnú

Nó, is féidir leat aicearra a thógáil: CNTL + F7

Más amhlaidh gur leanadh na céimeanna cuí, feicfear fuinneoigín nua faoi mar atá sa phictiúr thíos (a bhaineann le Open Office, ach sa chás seo is ionann iad).

Nóta: Is féidir an teasáras a oscailt leis féin chomh maith, sé sin níl gá focal sa téacs a roghnú ar dtús.

Nóta: Níl teasáras Gaeilge ar fáil i Microsoft Word.

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal