An Litreoir i LibreOffice: Gaelspell

eisínteacht don litreoir Gaelspell, an ceann is fearr sa Ghaeilge, ar fáil do LibreOffice, agus tá sé ar fáil saor in aisce. Mar sin, má theastaíonn próiseálaí focal maith uait le litreoir fiúntach ann, agus gan rud ar bith a íoc as, seo í an rogha cheart (LibreOffice Writer).

Nuair a bhíonn an eisínteacht i bhfeidhm, is féidir an litreoir a chur i mbun oibre mar seo:

  • Ag barr LibreOffice Writer, tá cnaipe beag le ABC agus tic thíos faoi. Brúigh an cnaipe sin agus osclófar fuinneog nua chun an litriú a cheartú. Ceartaigh aon fhocal atá mícheart. Seans go gcuirfear moltaí os do chomhair.
  • Má tá an Gramadóir suite chomh maith, agus is dócha go bhfuil, feicfear línte dearga faoi na focail nach bhfuil litrithe i gceart agus línte gorma faoi na focail a bhfuil amhras ann faoin ngramadach.

Mar a mhínítear anseo, tá Dúrud tar éis an eisínteacht a chruthú a tharraingíonn na huirlisí Gaeilge ar fad le chéile, sa chaoi is go ndéantar creachlaois as an suiteáil.

Botún litrithe (líne dhearg) agus botún ghramadaí (líne ghorm), agus iad ceartaithe:

LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal