Uirlisí LibreOffice

Faoi mar a luamar cheana, tá na háiseanna seo a leanas ar fáil do LibreOffice:

  • Teasáras
  • Litreoir leictreonach
  • Gramadóir
  • Fleiscíneoir

Tá na huirlisí seo go léir bunaithe ar an obair cheannródaíochta atá curtha i gcrích ag an Ollamh Kevin Scannell in Ollscoil St. Louis, Missouri.

Is le deireanas amháin, Aibreán 2014, atá an Gramadóir ar fáil, a bhuíochas le COGG a chuir maoiniú ar fáil do Dhúrud chun an obair chuí a chur i gcrích, sé sin an t-inneall gramadaí a bhí forbartha ag an Ollamh Scannell a chur in oiriúint do LibreOffice.

  • Tugtar faoi deara go bhfuil na huirlisí seo bunaithe ar an mbunábhar céanna agus atá na bogearraí Gaelspell, Ceart agus Anois, atá ar fáil ó Chruinneog don phacáiste Microsoft Office.

Na hUirlisí

Dúrud tar éis pacáiste a chruthú ina n-aontaítear na huirlisí Gaeilge ar fad le chéile sa chaoi is gur féidir iad a shuiteáil go héasca in aon iarracht amháin. Mínítear ar ball, sna nascanna ar chlé, cén chaoi leis na huirlisí sin a shuiteáil.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal