Cad é OpenOffice?

LibreOffice bunaithe ar OpenOffice.org.

OpenOffice.org ab ainm don áis atá faoi chaibidil anseo go dtí roinnt blianta ó shin, an uair a bheartaigh Oracle, ar leo OpenOffice.org, cinneadh a dhéanamh gan a thuilleadh forbartha a dhéanamh air.

Os rud é go raibh an bunbhogearra saor agus oscailte ("Open"), bhí forbróirí neamhspleácha in ann leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt go neamhspleách, rud a rinneadar. Thugadar ainm eile air, “LibreOffice”, agus is é atá ann ná an rud céanna, ach le tuilleadh forbartha déanta air.

Déanann LibreOffice déileáil le haon cháipéis a ullmhaíodh le hOpenOffice.org, agus tá na hiarmhíreanna céanna (odt, agus a leithéid) i gceist freisin.

TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal