Méarchláracha Fíorúla (Trialach)

Tá dhá mhéarchlár fíorúil, nó “bog”, don Ghaeilge ar fáil anois, agus iad á dtriail faoi láthair. Is féidir leas a bhaint as a leithéid seo nuair nach bhfuil na cnaipí cuí ar fáil ar mhéarchlár “crua”. D’fhéadfadh a leithéid freisin a bheith mar bhunús do mhéarchlár Gaeilge ar thaibléad nó a leithéidí.

Samhlaigh, mar shampla, a bheith ag ríomhaire san iasacht, sa tSeapáin nó sa Téalainn, nó fiú sa Fhrainc, agus gan a bheith in ann ríomhphost nó rud ar bith eile a scríobh as Gaeilge. Nach breá an rud é dá mbeadh áis san fheidhmchlár a bheadh á úsáid agat a chuirfeadh ar do chumas Gaeilge a scríobh, idir chonsain agus ghutaí fhada? Sin atá i gceist leis seo: deis le Gaeilge a scríobh nuair nach bhfuil an méarchlár ceart agat.

Is dócha gurb é atá ar siúl againn anseo ná ag iarraidh caighdeán a chruthú do mhéarchlár Gaeilge. Má tá tuairim agat faoi, inis dúinn!

Méarchlár 1: brú amháin do na gutaí fada Gaeilge

Leis an méarchlár seo, is féidir leat litreacha na Gaeilge, ina measc na gutaí fada, a scríobh trí leas a bhaint as do luchóg, gan gá an dara chnaipe a úsáid.

Ar an méarchlár, tá na litreacha (ar an méarchlár Béarla) is lú a úsáidtear sa Ghaeilge bainte amach (agus é seo bunaithe ar thaighde ag www.nascanna.com), agus ina n-áit tá na gutaí fada curtha isteach (q > ó, y > ú, j > í, z > é, x > á).

Ar eagla gur gá duit focal Béarla a scríobh ina bhfuil na carachtair chaillte, ná bíodh imní ort: is féidir leat an méarchlár QWERTY a fháil tríd an cnaipe CAPS LOCK a bhrú, agus tiontaíonn an méarchlár ar an méarchlár sin. Brúigh CAPS LOCK arís, agus filleann sé ar an méarchlár nua Gaeilge.

Má theastaíonn uait cinnlitreacha a bheith agat an t-am go léir, ní mór duit an cnaipe Iomlaoid (Shift) a bhrú do gach litir.

Níl aon éifeacht ar bith ag an gcnaipe CNTL+ALT.

Méarchlár 2: gutaí á n-aimsiú le “cnaipe marbh” (dead key)

Leis an méarchlár seo, aimsítear an guta fada tríd an cnaipe is faide thuas agus ar chlé (`) a bhrú tar éis (ní roimh!) an guta a roghnú. Is gá dhá bhuile chun guta a aimsiú, mar sin. Seachas sin, is ionann an leagan amach agus an leagan amach QWERTY.

Níl aon éifeacht ar bith ag an gcnaipe CNTL+ALT.

Inis dúinn cad é a cheapann tú díobh seo!

Suiteáil na Méarchlár Fíorúil

  • Déan an comhad seo a leanas a íosluchtú:
  • Cuir é i bhfillteán éigin ar do ríomhaire.
  • Bain leas as clár díchomhbhrúála (unzip) agus bain na comhaid ar fad as.
  • Beidh comhad amháin darb ainm demo_ga.html. Déan cliceáil air sin, agus ba cheart go mbeadh sé ag obair i gceart.
TUAIRIMÍ NA LÉITHEOIRÍ  
LibreOffice - An Próiseálaí Focal is Fearr

Foclóir Gaeilge/Gaeilge ar-líne

Potafocal